← Sa bhéaloideas Ceilteach d'fhéachtaí ar an sionnach mar ainmhí a bhí glic agus cliste. 🔊
← Bhí bean ina cónaí faoin tuath agus bhí an-chuid cearc aici. 🔊
← An oíche seo, nuair a bhí an bhean ina codladh, tháinig madra rua go doras chró na gcearc. 🔊
← Bhí an scéal go maith ag an madra rua go dtí gur tháinig sé go dtí an doras chun teacht amach. 🔊
← Theip glan air teacht tríd an bpoll mar bhí a bholg chomh lán agus chomh hataithe sin. 🔊
← Nuair a bhí sí ag oscailt an dorais chaith an madra rua é féin ar an urlár agus shín sé é féin amach díreach mar a bheadh sé marbh. 🔊
← Ba bheag nár thit an bhean bhocht i laige nuair a chonaic sí an radharc a bhí os comhair a dá súl. 🔊